Jude: I dTaibhdhearc na Gaillimhe ar an 9ú Márta 2007 a léiríodh Jude den chéad uair. Jude – bean láidir, stuama, misniúil, ceannródaí a chaith a saol ag stracadh ar son chearta na mban i saol na bhfear, rud a d’fhág a caidreamh lena fear céile easlán, Peadar, agus a hiníon óg, Gráinne, ar an bhfaraor géar. Ná níl a caidreamh lena máthair, Mary, a bhfuil súil aicise ar an mbás, thar mholadh beirte ach oiread – ach ar chúis eile ar fad. Sa dráma seo titeann an drioll ar an dreall, agus scaoiltear fórsaí ollmhóra, millteacha an teaghlaigh nuair a sceitear rún Jude. Foilsithe ag Cló Iar-Chonnachta (2007). |