BAILE
F�ile N�isi�nta Dr�ma�ochta
CUMAINN DRAMAÍOCHTA
LEABHARLANN DRÁMAÍ
CÚRSAí & COMHAIRLE
LÉIRITHE
FÉILTE DRÁMAÍOCHTA
SCÉALDRAMAÍOCHT
AN tAGALLAMH FILEATA
NUACHTLITIR
STÁITSE
NASCANNA
TÉARMAÍ & COINNÍOLLACHA
TEAGMHÁIL

 

Tulach na hÉigse,
Camas, Conamara,
Co. na Gaillimhe.
Teil: + 353 574146,
Facs: + 353 91 574155
eolas@drama-gaeilge.com

 

Scéaldrámaíocht:

I scéaldráma tá an scéal "ag tarlú" mar is dual d'ealaín na drámaíochta agus fós tá an scéal "á insint" mar is dual d'ealaín na scéalaíochta.  Agus fé mar a bhaineann a dhúshlán léirithe féin le gach dráma a scríobhtar, baineann a dhúshlán léirithe féin le gach scéal a instear. 

Glactar le dráma mar phíosa ealaíne agus léirítear ar stáitse é trí ealaín na hamharclainne.  Is píosa ealaíne é freisin an scéal béaloideasa a thagann ó bhéal an scéalaí oilte agus trín scéaldrámaíocht léirítear ar stáitse é i bhfocail an scéalaí.  Ní h-aon laincis í cloí leis na focail sa scéal, mar a cheapfadh b'fhéidir an té ná tuigfeadh an ealaín atá i gceist, ach a mhalairt.
 
Sna scéalta ó na seanmháistrí tá samhlaíocht agus saibhreas cainte.  "Chuirfidís focail ar a bhfaobhar duit ina ngnáthchaint, le cruinneas agus le líofacht agus le blas . . .  Ba threise ná san iad ar an ndeisbhéalaíocht; an abairt ghiorraisc, an focal pras, an dá fhocal in ionad an dosaein, dob iad a bhí deas air."  Ní beag san agus is suimiúil an dúshlán é do léiritheoirí agus d'aisteoirí an scéaldráma a chruthú ar stáitse agus aird ar leith acu ar an gcaint agus ar rithim na cainte gan trácht ar na gnéithe eile atá tábhachtach i léiriú drámaíochta.
 
I léiriú an scéaldráma déantar an scéal a roinnt idir na carachtair atá ann agus glacann gach carachtar chuige nó chuici pé cuid den scéal a bhaineann go díreach leis nó léi.  Ní mór an roinnt seo a dhéanamh go cruinn agus go healaíonta mar tá inchreidteacht na gcarachtar agus an gaol idir na carachtair ag braith go mór air.  Ní mór an insint/comhrá (a bhíonn sa tríú pearsa de ghnáth) agus go háirithe na nathanna "a dúirt sé", "ar seisean" etc., a bheith nádúrtha rithimiúil. 
 
Agus gaol á chothú idir an léiriú stáitse agus insint an scéalaí, tugtar aird ar tempo agus gluaiseacht an scéaldráma agus go háirithe ar an dtréith sin gur deacair a aimsiú ­ an tsimplíocht. 

Tá cur síos ar an genre seo in eagráin 2000 agus 2002 den iris Stáitse.
___________________________________________________
 
Story-Theatre: 
 
In our story-theatre the story is presented without taking from or adding to the words of the storyteller from whom it had been written down. 

Using the art and skills of the theatre the story "happens" and can be experienced both as exciting theatre and as a story well told. 
 

 

Dearaithe ag Marian Ní Chonghaile
© An Comhlachas Náisiunta Drámaíochta 2001 - 2014