Is É A Dúirt Polonius:
Téama mór na tragóide riamh an choimhlint idir an laoch agus an chinniúint. Sa saol nua-aimseartha is é an duine aonair a bhíonn i gceist ag drámadóirí agus é á bhrú faoi chois ag cumhachtaí an tsaoil, go háirithe ag ollchóras an stáit agus ag an maorlathas. De réir mar a bhíonn an duine aonair ag dul i bhfostú sa saol, is amhlaidh sin is fusa don mhaorlathas éagóir a dhéanamh air, bíodh is nach le haon mhailís phearsanta a ghníomhaíonn seirbhísigh na hollchumhachta de ghnáth. Ach bíonn an toradh mar an gcéanna don duine aonair sa dráma seo – imní agus crá, bochtaineacht agus dífhostaíocht, agus sa deireadh thiar an bád bán. Ach is measa an tarcaisne ná gach ní. An féidir le duine a fhéinmheas a choinneáil ina leithéid de chás? |