Fear an Gheafta:
Tá an dráma seo bunaithe ar sheanchas a bhaineann leis Na Dúnaibh – an duine is déanaí a chuirtear sa reilig, bíonn air seasamh ag an ngeata (ngeafta) go dtí go gcuirtear an chéad duine eile. Tá an dá shaol á léiriú sa dráma. Tarlaíonn aighneas faoi chúrsaí talún ar an saol seo agus leanann a thionchur ar an saol eile. Tá stair áitiúil mar chúlra ag an dråma. Leírigh Aisteoirí Mhíobhaigh, Na Dúnaibh, an dráma seo ag féilte áitiúla agus ag an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta i gCorca Dhuibhne i 2004. Níl an dráma seo foilsithe mar leabhar. Is leagan clóscríofa atá ar fáil. |