|
An Strainséir Dubh: Bhí an tóir ag muintir Chonamara ar an dráma cumhachtach seo - dráma a bhaineann leis an ngorta mór. Leirigh Aisteoirí an Spidéil é ag Féile Náisiúnta Drámaíochta 1966 i Halla Damer i mBaile Átha Cliath agus léirigh Cumann Drámaíochta Chorr na Móna é ag Féile Náisiúnta Drámaíochta 1980 i dTaibhdhearc na Gaillimhe. Níl an dráma seo foilsithe mar leabhar ach tá cóip clóscríofa i leabharlann an Chomhlachais. |
| |