|
Dialann Anne Frank: Tá an dráma seo bunaithe ar an dialann cáiliúil a d'fhág Anne Frank ina diaidh sa teach in Amsterdam ina raibh sí féin agus a muintir i bhfolach i 1943/45. Léiríodh an dráma i dTaibhdhearc na Gaillimhe sna seascaidí agus léirigh Buíon Phádraig, Luimneach é ag Féile Náisiúnta Drámaíochta 1967. Níl an dráma seo foilsithe mar leabhar ach tá cóip clóscríofa i leabharlann an Chomhlachais. |
| |