Philadelphia Here I Come:
Bhí Máirtín Mac Donnchadha agus Seán Ó Tuairisg mar Gar Príomháideach agus Gar Poiblí sa chéad léiriú den aistriúchán Gaeilge seo i 1974 - á stiúradh ag Seán Mac Ardghail. B'é an chéad dráma a léirigh Aisteoirí na Tíre - complacht ina mbíonn baill de chumainn drámaíochta éagsúla ar fud na tíre. Cuireadh ar stáitse é den chéad uair i gCorr na Móna. Níl an dráma seo foilsithe mar leabhar - is cóip clóscriofa atá ar fáil.
|