Saibhreas Gan Sonas:
Is aistriúchán é seo ar an dráma i mBéarla dar teideal The Money Doesn't Matter, dráma go raibh an-tóir air sna caogadaí agus sna seascadaí. Greanndráma atá ann agus léiríodh an leagan Gaeilge seo i dTaibhdhearc na Gaillimhe ar 7 - 10 Samhain 1946. Tá sé foilsithe ag Foilsiúcháin Rialtais (Baile Átha Cliath 1945) ach tá sé as cló. Tá cóip i leabharlann an Chomhlachas.
|