An Tincéar agus An tSídheóg:
Tá cáil ar leith ar chéad léiriú an dráma seo - i ngáirdín le George Moore ar 19 Bealtaine 1902. Bhi an t-údar mar "An Tincéar" ann agus Sinéad Ní Fhlannagáin (Bean de Valera ina dhiaidh sin) mar "An tSídheog". Léirigh An Comhar Drámaíochta é in Amharclann na Mainistreach ar 7 Aibreán 1924. Ach tá tamall maith imithe ó cuireadh ar stáitse é. Tá sé foillsithe sa chnuasach Selected Plays - Douglas Hyde foilsithe ag The Catholic University of America Press (1991).
|