|
Casadh an tSúgáin:
Tá cáil nach beag ar an dráma seo a léiríodh den chéad uair in Amharclann an Gaiety, Baile Átha Cliath ar an 21 Deireadh Fómhair 1901 agus an t-údar sa phríomhpháirt le Máire Ní Chinnéide mar Úna. Willie Fay a léirigh agus Éamon Ceannt a sheinn na píobaí don chéilí sa dráma. Áirítear an dráma seo mar an chéad dráma Gaeilge a léiríodh in amharclann ghairmiúil. Ní aisteoirí gairmiúla a bhí páirteach ann ar ndóigh ach baill de Chraobh an Chéitinnigh de Chonradh na Gaeilge. Léirítear réasúnta minic é fós ag complachtaí éagsúla, D'fhoilsigh An Gúm é níos mó ná uair amháin ach tá na foilsiúcháin seo as cló - cé go bhfuil cóip i leabharlann an Chomhlachais. Ach tá an dráma athfhoilsithe sa chnuasach Gearrdhrámaí an Chéid, in eagar ag Pádraig Ó Siadhail agus foilsithe ag Cló Iar-Chonnachta Teo (2000). Tá sé foilsithe chomh maith (le haistriúchán Béarla) sa leabhar Selected Plays - Douglas Hyde (The Catholic University of America Press 1991)
|
| |