|
Umar na hAimléise:
Is téama coitianta ag an údar seo an seana shaol i gcoimhlint leis an óige. Dráma bríomhar suimiúil le caint nádúrtha shaibhir i gcanúint na nDéise atá anseo. Tá an dráma suite i gceárta agus an cheárta san i mbaol mar tá bóthar le leathnú mar chuid den "dul chun cinn" sa tír. Tá an gabha ag seasamh in aghaidh na Comhairle Chontae sa chonspóid.Léirigh Aisteoirí an tSean Phobail an dráma seo i 1961 agus léiríodh é chomh maith in Amharclann an Damer i mBaile Átha Cliath 5-21 Feabhra 1962 agus Tomás Mac Anna ina léiritheoir air. Arís léirigh Aisteoirí an tSean Phobail an dráma seo i Halla Naomh Colmán, An Sean Phobal ar an 28 Aibreán 2007. Níl an dráma seo foilsithe mar leabhar - is cóip chlóscríofa atá ar fáil. |
| |