Ortha na Seirce: Dráma trí ghníomh le caint shaibhir nádúrtha agus le greann tíriúil. Baintear feidhm as sean nósanna - an amhránaíocht, ramhrú bréidín, ortha na seirce etc. Tá an dráma suite i gConamara. "Oíche gheimhridh i 1921 atá ann" aimsir na "Tans". Foilsíodh é ag Sáirséal agus Dill, Baile Átha Cliath 1968. Tá sé as cló ach tá cóip i leabharlann an chomhlachais Náisiúnta Drámaíochta. |