Aistriúcháin:
B'iad Aisteoirí na Tíre á stiúradh ag Lorcán Ó Riain a léirigh an leagan Gaeilge den dráma cáiliúil le Brian Friel den chéad uair - i 1981. Proinsias Ó hOireachtaigh a bhí sa phríomh-pháirt. Tugadh an léiriú sin ar chuairt náisiúnta agus bhí sé ar stáitse i nGaillimh (sa Taibhdhearc), Gaoth Dobhair, Luimneach agus Baile Átha Cliath. Tá an t-aistriúchán Gaeilge seo léirithe ó shin ag complachtaí éagsúla. Níl an dráma seo foilsithe mar leabhar - is cóip clóscriofa atá ar fáil.
|