|
Sarah Scanlon:
Léirigh Compántas Chorcaí an dráma seo den chéad uair i 1996 agus bhí sé ar stáitse acu ag Féile Náisiúnta Drámaíochta na bliana sin agus an t-údar ag aisteoireacht ann. Liam Mac an Mhaoir a léirigh. Cuireadh an léiriú céanna ar stáitse in Amharclann Choláiste Mhuire i mí Dheireadh Fómhair 1996 le linn na Féile Amharclainne. Léirigh Cumann Drámaíochta na Gaolainne, Ollscoil Chorcaí, an dráma seo ag Féile Drámaíochta na gColáistí 1995. Níl an dráma foilsithe mar leabhar ach tá cóip chlóscríofa ar fáil i leabharlann an Chomhlachais.
|
| |