Eachtra an Ghobáin Saoir:
Tá blas an dúchais agus saibhreas cainte na nDéise go smior sa dráma seo. Do cuireadh an dráma i gcló i dTrá Lí sa bhliain 1910. Do léiríodh i gColáiste na Rinne agus sa Sean-Phobal é an samhradh sin agus do thaitnigh an chaint bhreá agus an greann atá ann as beartaibh leis an lucht éistithe. Den dá pharóiste sin an lucht léirithe. An t-údar a léirigh. Foilsíodh arís é i 1924 mar chuid den ábhar sa leabhar Scríbhne Risteird de hIndeberg (Eag. Seán Ó Cuirrín). D'fhoilsigh An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta an 3ú heagrán de Eachtra an Ghobáin Saoir i 2011 (Eag. Seán Ó Morónaigh). Tá an t-eagrán nua seo bunaithe ar léiriú a dhein Aisteoirí an tSean-Phobail ar an dráma i 2008. |