|
An Naomh ar Iarraidh:
Seanfhear, múinteoir scoile agus páistí scoile atá sa dráma seo. Foilsíodh é den chéad uair san iris Samhain 1902 agus léiríodh é ag tús na bliana ina dhiaidh sin. Foilsíodh é ar dtús mar leabhar i 1918 agus cuireadh ath-chló air i 1934. Tá leagan 1934 i leabharlann an Chomhlachais chomh maith leis an leagan is déanaí atá sa chnuasach Selected Plays - Douglas Hyde foilsithe ag The Catholic University of America Press (1991).
|
| |