Imithe Le Gealaigh:
Bhuaigh an dráma seo sparántacht sa scéim Gradam na hAmharclainne i 2004 agus léirigh Aisteoirí na Tíre é den chéad uair sa Díseart, An Daingean, Co. Chiarraí ar 29 Deireadh Fómhair 2004 le Michelle Ní Bhéimis mar Ruth. Liam Ó Mathúna a léirigh. Ina dhiaidh sin, léirigh Aisteoirí na Tire an dráma in ionaid éagsúla timpeall na tíre agus deineadh léiriú in Amharclann Bewleys Café, Sráid Grafton, Baile Átha Cliath mar chuid den Dublin Fringe Festival I Meán Fómhair 2005. Tá an greann fite fuaite leis an mbrón sa dráma seo agus tugtar an lucht féachana ar aistear pearsanta atá beo bríomhar casta agus tragóideach. Níl an dráma seo foilsithe mar leabhar - is cóip clóscriofa atá ar fáil.
|