An Triail: Léiríodh an dráma seo den chéad uair in Amharclann An Damer, Baile Átha Cliath le linn na Féile Amharclainne ar 22 Meán Fómhair 1964. Tá cáil ar leith ar an léirmheas moltach a dhein Harold Hobson (Sunday Times) ar an taispeantas. Caitlín Maude a bhí sa phríomhphairt agus Tomás Mac Anna a léirigh. Is mó léiriú a deineadh ar an drama ó shin - léiriú teilifíse san áireamh. Tá an dráma foilsithe ag An Gúm, Baile Átha Cliath (athchló 2006). |