Tá Cret Marbh:
Deir an t-údar faoin dráma seo – “Ár ndóigh, bainfidh gach aon léiritheoir a chiall féin as an dráma seo. Ach má thosaíonn sé ar an mbonn gur fáithscéal atá san iomlán, ní bheidh sé i bhfad ó smaointe an údair!” D’éirigh thar barr le léiriú a rinne Compántas Chorcaí ar an dráma seo ag an bhFéile Náisiúnta Drámaíochta i nGaillimh ag tús na hochtaidí. Níl an dráma seo foilsithe mar leabhar - is cóip clóscríofa atá ar fáil.
|