Mac A’ Stanley:
Sa chóiriú seo den leagan le Brecht/Weill de eachtraí "Mac The Knife" sa cheol-dráma "The Threepenny Opera" tá suíomh na n-eachtraí athraithe go Baile Átha Cliath. Léirigh Aisteoirí Bulfin, Baile Átha Cliath an leagan seo ag Féile Náisiúnta Drámaíochta 2006 i gCois Fharraige, Conamara. Níl sé seo foilsithe mar leabhar - is cóip clóscríofa atá ar fáil. |