An Seabhac (Pater Familias Chorca Dhuibhne) Baineann an dráma seo le saol Phádraig Uí Shiochfhradha, duine de laochra móra litríochta Chorca Dhuibne. Léirítear ann radharcanna as na leabhra cáiliúla agus eachtraí a bhain lena shaol. B’iad Aisteoirí Bhréanainn á stiúradh ag an Athair Tomás Ó hIceadha a chum agus a léirigh an dráma. Níl an dráma seo foilsithe mar leabhar - is cóip chlóscríofa atá ar fáil. |