An tAmhrán Saothair:
Leis an Amhrán Saothair cuirtear obair áirithe in iúl. Agallamh nó aisfhreagairt ó thaobh taobh a bhíonn i gceist. Bíonn rithim na hoibre sa véarsaíocht agus sa cheol a roghnaítear chun an saothar a chur in iúl.
Céirdeanna traidisiúnta is minicí a fheictear sna hAmhráin Saothair ach bíonn obair an lae inniu á léiriú iontu freisin. Samplaí: súgán á chasadh, faobhar á chur ar rásúr, crann á ghearradh le cros-sábh. ____________________________________________________
Work Song:
The Amhrán Saothair is a work song performed with the rhythms and movements associated with the particular work being suggested.
Traditional crafts as well as present day occupations are often represented in the Amhrán Saothair. Examples include: twisting a súgán (hay rope), sharpening a razor on a leather strap, cutting down a tree with a cross-cut saw. |